Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 057
- XML “Dinnseanchas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dínn-SeanchasSeo chuid de’s na h-ainmneacha atá ar cnuic, agus cionnus mar a fuaireadar a n-ainmneacha.
CÚM NA BRÓINEACH: Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin ar an gcnoc san, ná in aimsir na bpéindlithe ní leigeadh na Shasanaigh aon Caitlicheach an t-Aifreann d’eisteacht, agus mar gheall ar sin do theighidís go dtí an áit sin gach Domhnach chun an Coróin Mhuire do rádh.
CÚM NA CAILLÍGE: Do bhí bean aosta in cómhnuidhe annsan, agus nuair a fuair sí bás do chuireadh fé leac í san áit sin, agus ó shoin i leith ghlaodhtar an t-ainm sin ar an áit.
CÚM AN SATHAIRN: In aimsir na bPéin-dhlíghthe leis nuair ná leigeadh na Sasanaigh aon sagart an t-Aifreann a rádh Dia Domhnaigh, do thagadh sagart go dtí an áit sin gach Sathairn agus do bhailigheacdh na daoine ann chun an t-Aifreann d’éisteacht.
LÉIM AN SAGART: Lá in aimsir na Péin-dlíghthe nuair a bhí sagart ag rádh an Aifrinn annsan do chonnaic sé saighdúirí Sasana ag teacht. Níor dhein sé ach léim suas ar a chapall, agus do thug an capall léim as a chabail chómh fada le Baile-na-Cille, agus tá an t-ainm sin ar an áit ó shoin.
UAIGH DE BARRA: Tá an áit sin suidhthe in aice le loc Cúm-na-caillíghe. Deir na sean-daoine gur fear darab ainm Seán de Barra atá curtha annsan. Oidhche amháin agus é ag teacht ó Cathair-Saidhbhín tré ‘s na gcnoc do chaill sé a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí