Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 045
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéulDuine do’n treibh Conallach dob eadh Seán Ó Conaill – go dtugtaoí mar leas ainm “Seán na Buile” air. Bhí cion ceathráir do gnáth aicíd Éireannaigh ar iomchur ag Seán dob’é sin “dúil a chait” san ólachán. Fóróir ní raibh sé de gustal ar Seán a thart a shásamh go minic, ní lúgha ná bhí sé ar a chumas ghnó aonaigh fhagháil ach go fíor annamh mar ná raibh aige ach feur aon bhó amháin, agus cúpla caora ar an gcnoch.
Lá dos laetheanta do chuimhnigh sé a chleas a thabarfhadh ghnó aonaigh do, agus do chuirfheadh máthair a chéile bun os cionn le h-asachán an máthair-chéile úd fadó, adubhairt “gur beag uirthi gaige gan éifeacht a raghadh go dtí an t-aonach gen ghnó.
Bé an chleas é ná an reithe a bhreith go dtí an t-aonach, agus an oiread fiacha a lorg air agus ná chuimneóch aon cheannuightheóir ar é a cheannach.
Do theip ar a bhean cosg a chuir leis, cé gur spreag sí go gunta, cruinn cialmhar do go raibh an lomra ais-eamhail chun balcais a chuir ar na paisdí, agus air éirighe na gréine lá an aonaigh d’árduigh Seán an reithe leis ar ar bhraighdeáin fé dhéin an aonaigh.
Ní nárbh ionghnadh níor chuaidh an rab ar malairt láimhe. Ar mhaolú na gréine tráthnóna, do thugadar araon aghaidh ar an mbaile – an reithe a siolartaig leis an ocras, agus Seán súghach go maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí