Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 037
- XML “Donnchadh Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Donnchadh RuadhOidhche Bealtaine fadó, do bhí fear darab ainm Donnchadh Ruadh ag gabháil thar lios, agus d’airig sé ceol áluinn istig. D’fhéach sé ina thímcheall, agus do bhí poll sa lios taobh leis. Isteach leis, agus do bhí n sídheoga ag rinnce istig, agus gach saghas bídh ar bórd achu. Thugadar go dtí an bórd é, agus dúbhradar leis a dhóthín d’ithe.
Nuair a bhí a dhóithin ithte agus ólta aige, bhí sé ag féachaint ortha ag rinnce, go dtí gur cheap sé go raibh cúpla úir de’n chloig imthighthe. Amach leis as an lios annsan acht bhí sóinseál ar gach áit. Cuaidh sé ar aghaidh acht níor aithnig sé a thig féin. Bhuail fear óg leis ar an mbóthar, agus d’iarr sé air cérbh é a athair. Dúbhairt an fear óg leis go raibh a athair marbh le cúig bliadhna déag, agus gur Donnchadh Ruadh an ainm a bhí air.
“Mise Donnchadh Ruadh,” arsan an fear eile, “agus cheapas ná raibh acht cúpla uir de’n clog imthighthe ó’n ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Gráda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cúil na hAragaile Uachtarach, Co. Chiarraí