Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 035
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeal
    Bhí fear ann úair amháin agus bhí inghean aige. Do phósadh í nuair a bhí sí ana-óg. Fear gan mhaith do b’eadh é. Bhí a lán airgid aige ac bhí sé i mbosca mór aige agus bhí glas ar an mbosca agus bhí an eochair ‘na phóca aige. Mara mbeadh an eocair ina phóca aige bheadh an scéal go maith.
    Fuair athair an chailín bás agus cúaidh sí go dtí an tórramh abhaile. Bhí conneal ag gac duine a bhí ag an tórramh ach ní raibh aon coinneal ag an gcailín bocht agus bhí brón mór uirthi. Cúaidh sí ós cionn an chuirp agus sí é seo:-
    Mo creac is mo stór thú
    Sé fé ndear dómhsa
    Teacht go dtí do tórramh
    Gan coinneal bheith im’ dhóirne
    Mar gur ceanglaís go h-óg mé
    Le bodach nách fóganta
    Go mbíonn an glas ar an gcómharainn
    Is an eochair ‘na phóca.
    Nóra Ní Ríogbardáin do sgríobh
    Pádraig Ua Riogbardáin (70) d’aithris
    An Bóthar Buídhe
    Gleannbeithe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbardáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraigh Ua Ríoghbardáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Gleann Beithe, Co. Chiarraí