Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul
    Bhí buachallaidhe ag aodhaireacht lá. Gaibh taistealaidhe an threó. Do bheannuig an buachaill do, ach níor leig an taistealaidhe air, go bhfeaca sé é. Thug sé an bóthar air gan suím a chur sa bhuachaill. Nuair a tháinig an tráthnóna thiomáin an buachaill a chaoirig roimís abhaile. Ba gheárr go bhfeaca sé sparán ar an gcasán, sparán go raibh céad púnt ann, agus ainm an té gur leis é sgríte air. Sáid sé an sparán ‘na phóca is do gluais air. Níor bhfada go bhfeaca sé fear ag teacht ‘na choinnibh, si é ag cuarach do rud éigin ar an gcasán. Cé bhí ann ach an taistealaidhe dúr.
    “A bhfeachaís sparán ar chailleamhaint?” ar seisean leis an mbuachaill. “Is ionghnadh liom tú ag chur ceiste orm,” arsan buachaill. “Fuaras sparán ar chailleamhaint, ach ní fheadar an leat-sa é, cad is ainm duit.”
    “Mícheál Ó Gráda,” arsa an fear.
    “Tá an ceart agat, is leat an sparán, seo duit é, is tá súil agam go mbeannóchair feasta do sna daoine a bheannuígheann dhuit.”
    Ba mhaith leis an dtaistealaidhe airgead a thabhiart do’n mbuachaill, ach ní ghlachfadh an bhuachaill uaidh é.” “Níor dheineas ach mo dhualgas,” ar seisean. Ghaibh an taistealaidhe buidheachas leis, is do scaradar.
    Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
    Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
    Caoldubh Uachtarach,
    Gleannbeithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí