Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana-Sgéul
    Bhí gréasaidhe ann fadó go raibh tig beag, clúthmhar, compórdach aige. Bhí sé pósta, agus cé go raibh sé bocht, bhí saoghal suairc subháilcheach aige. Deineadh sé bróga maithe, is bíodh sé ag obair moch déanach, ach chuaidh an saoghal ina choinnibh, agus lá amháin dubhairt sé le na mhnaoi, ná raibh de leathar achu, ach dhóithín pheidhre bróg a dhéanamh. “Níl leigheas air,” arsa an bean, “ach is goire cabhair Dé ná an doras.” “Gearrfad an leathar so i bhfuirm is is gcóir, déarfhaimíd ár bpaidreacha is raghaimíd a chodhladh ,” arsa an gréasaidhe. Deineadar amhlaidh. Nuair eirigheadar ar maidin bhí ionghnadh a gcroidhe ortha, mar bhí pheidre bhreágh bróg ar an mbórd. Bhíodar déanta cómh slachtmhar san go ndubhairt an gréasaidhe tar éis íad do iniúchadh go maith: “Dar mo choinsís, ach ní h-aon cabléir a dein íad so.” Níor bhfada go dtáinigh cuistiméir isteach, taithn na bróga leis is cheannuig sé íad. Cheannuig an gréasaidhe leathar i gcóir dá pheidhre bhróg, gheárr sé é i bhfuirm is i gcóir é, is chuaidh sé a chodhladh. Nuair a eirigh sé ar maidin amáireach bhí dhá pheidhre bróg ar an mbórd, is bhíodar déanta níos slachtmhaire ná pheidhre an laé roimis sin. Tháinig beirt cuistiméir isteach, is ceannuigheadar na bróga. Lean an sgéul mar sin ar feadh abhfad – d’fhágadh an gréasaidhe leathar ar an mbórd istoidhche, is nuair eirigheadh sé ar maidin gheibheadh sé bróga i na ionad. Do leath a cháil, mar ní raibh sárú na mbróg le fághail in aon bhall. Dubhairt bean an gréasaidhe lá amháin gur chóir dóibh a mbuidheachas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí