Scoil: Doirín na nDamh (uimhir rolla 5348)
- Suíomh:
- Doirín na nDamh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buille, mar cheap sé gurabh amhlaidh nár rinneadh an obair i gceart, nó gur cuireadh dalladh mullog air i shlighe éigin. Cad a dhein sé, ach iachaibh do chur ar na sglábhuidhte bochta, an obair do dhéanamh ó thús deire arís, acht má rinne, bhí an sgéal ceádna mar thoradh aige.Mar an gcéadna, an triomhadh uair, cé go raibh sé féin ag faire ar na fearaibh oibre á dheánamh. An triomhadh uair seo, do chonnaic an tighearna talmhan féin an díg ag dúnadh suas ós comhair a shúl. Tháinig scannradh air, cé go raibh croidhe chomh dúr aige is a bhí ag aoinne riamh. Bhí air eirighe as an obair ar fad. 'Seárd a dubhairt sé annsan ná go raibh droch-spriodaidheacht éigin ag baint leis na Gaedhil, agus nárbh' sábhalta an rud é bheith in-a chomhnaidhe imeasg dream malluighthe mar sin. Uime sin, do chrom sé ar na Catoilicig go léir do dhibhirt as an gceanntar, go dtí nár fhág sé Cataoiliceach ar feadh sé míle slighe mór-thimceall ar a bhaile feín. B'shin a cheap seisean, acht ar ndoigh, bhí sagairt is Catoilicig le fághail sa chomharsanacht. Bhídis i bhfolach istig ins na cúim imeasg na gcnoc agus aifreann ar siubhal ann, agus sgoil freisin(leanann ar an chéad leathanach eile)