Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal eile mar gheall ar "Inse an tSagairt"Tá an pháirc sin cois na habhann thiar in Inis Phoill i mBunán. Is ann do marbhuigheadh sagart fadó agus tar éis bháis an tsagairt bhí na Sasanaigh i bpunnc féachaint cad é an saghas bháis mhíthrócairigh a bheadh tuillte ag an gcléireach.I ndeire[adh] na scríbe do labhair duine agus dubhairt sé é do lámhach, dubhairt duine eile é do dhíth-cheannadh agus duine eile é do loisceadh (=loscadh) ina bheathaidh. Acht pé scéal é d'aontuigheadar ar é do bháthadh. Thugadar leo go Teampall nuadh lámh le Neidín é agus dhá mhaistín de mhadraibh fola ar a thóir.Chuadar isteach agus bhí an cléireach ag snámh ar a dhícheall agus aghaigh ar an dtaoibh eile, nuair a tháini'g na madraí suas leis. Níor dhean an fear ach greim daingean do thóg[aint] ar mhuineál gach madra agus do leanadar ag snámh gur shroiseadar Cill Átha ar an dtaobh eile. Nuair a bhuail cosa an chléirigh an ghainimh do sháidh sé na madraí fán uisce chun go rabhadar marbh agus as go bráth leis féin.Donnchadh Ó Séaghdha, Cúl na gCupóg, [An] Bunán.
- Faisnéiseoir
- Donnchadh O Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil na gCopóg, Co. Chiarraí