Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)béamaí iad.
De chré agus bualaighe (=bualtach) measctha le chéile dheinidís an t-úrlár mar ní raibh aon trácht ar stroighin an uair sin. Chuireadh foth-dhuine leacacha móra agus beaga ar urlár an tighe acht is garbh [a] bhídís agus scoilteanna móra eadtorra go minic. Tigh cinn tuighe gach ceann aca agus bhí tuigheadóir ins gach dúthaigh chun brat tuighe do chur ar na tighthibh nuair [a] bhídís déanta.
Scolpán - 's é sin beart faoigh ceangailte le gad a bhíodh mar doras aca. Annsan tháinig an cliath - píosaí adhmaid ar nós geata in úsáid, agus annsan an "cliath tuislidhe" mar bhí sé ceangailte le tuislidhe (= tuislí) leis an ursain. Bhíodh giolcach nú fraoch fighte fuaighte tríd na maidí síos, suas agus treasna an dorais.
Ní fiú trácht ar an troscán a bhíodh ins gach tigh agus de ghiumhais dheinidís gach rud i bhfuirm troscáin nach mór. Do chonnaiceas carraig bheag le hais teineadh agus fágadh ann é d'aon ghnó mar stól agus an tigh ghá dhéanamh. Bhíodh suidh[ea]chán ins gach tigh agus suidhistíní déanta de thuighe mar stóil agus cathaoireacha. Agus maidir leis an úrlár (t-úrlár sa lámhscíbhinn) dheinidís é do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí