Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Solas a Bhíodh ag na Daoinibh Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Solas a bhíodh ag na daoinibh fadó
    Gach samhradh nuair a bhíodh an t-am aca chuige théidís go dtí an port ar lorg giumhaise agus sínte ins na portachaibh bhíodh an ghiumhais le fagháil. Bheiridís abhaile í chun sgiotacháin (píosaí giumhaise ana-thanaidhe) do dhéanamh le sgian. Le hais nú os cionn na teineadh chuiridís na sgiotacháin á dtiormúghadh agus gach oidhche lastaí iad. I láimh dhuine bhíodh ceann aca agus ní raibh aon solas eile annsan le fagháil.
    Annsan tháinig an buaidhceas - píosaí snátha tumtha sa gheir. Tar éis tamaill eile bhíodh an choinneal mhúnla in úsáid agus annsa[n] lampa beag lán de oíle agus buaidhceas tríd.
    Gidh go raibh drochsholas ag na daoinibh bhíodh na mná ag obair go dian go mórmór sa gheimhreadh. Bhídís ag sníomh agus deiridís go bhféadfaidís snáth olna do dhéanamh níob' fhearr san oidhche agus na caoirigh ina gcodladh.
    Bhíodh cárdaí (dhá bhord mar seo:-
    pionnaí déanta de chruaidh tríotha) chun olna de chíoradh agus do shlámadh. Nuair a bhíodh an olann go léir sníomhtha dheinidís ceartlíní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí