Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 213
- XML “Seanteampall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar a lán dithcheall. Chonnaic na saighdiúirí é, cheapadar gur sagart a bhí ann agus ba ghearr go raibh sé sínte marbh ar chliathán an chnuic. Tráthnóna an lae sin tháinig Tadhg Ruadh agus beirt eile le órdú an Chaptaen chun na gcorp do chur. Bhí an sagart óg ann, agus d'innis sé do Thadhg go bhfuair sé bás maith mar do mhair sé uair a chluig agus gur shaor sé a anam.Níor mhaith leo uaig do dhéanamh dó agus rug duine aca ar cheann air, duine eile ar chosaibh air agus chaitheadar an corp i bport na ngadhar é.Bhí Randum i dtigh Nell lá. Bhí gadhar bán ann do chuaidh ar buile bhain sé greim asta agus chuaidh an bheirt ar buile agus b'éigin do shaighdiúirí teacht chun an tighe agus iad do mhúchadh. Mhair an bheirt eile i bhfad ón áit gan aon mhí-ádh ortha, ach níor fhás ionga ar mhéir lamha ná ordóig coise ar éinne a tháinig uatha.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí