Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 203](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0461%2FCBES_0461_203.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 203
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 203
- XML “Seanteampall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do léigheas an sgéal seo uair éigin - san lóchrann is dóigh liom.An fhaid is do bhí an sagart ag feistiúghadh an mhála d'áirigh sé cainnt bharbardha taobh amuigh den tséipéal agus cé bheadh ann ach Domhnal[l] buidhe ó Cheann Rúsca i nGleann Garbh. Bhí dri[o]fúir ag an sagart: Eibhlín ab ainm di agus cheap Domhnall buidhe go mbeadh sí mar chéile aige ach b'fhearr le Eibhlín bheith marbh ná mar chéile aige. Bhí aragóint idir an sagart agus Domhnall agus fé dheire d'iompuigh Domhnall ar a sháil agus amach leis. Bhí a chapall ceangailte in aice an tséipéil agus léim sé ar mhuin an chapaill agus d'imthigh sé ar cos-in-áirde. Chonnaic sé cailín bocht diúdánach ag teacht anuas ón gcnoc ag tiomáint gabhair abhaile agus deirtear gurbh é Domhnal[l] buidhe a chuir an mí-ádh uirthi.
De mhuintir Shúilleabháin ab eadh Domhnall. Chuaidh sé don bhFrainnc leis na "Géadna Fiadhna" mar cheap sé bheith ina shagart. Thug sé a chúl le sagartóireacht agus thug sé tamall san arm agus fear mí-chlúiteach ab eadh é tar éis teacht abhaile.
Nuair [a] bhí an t-aifreann ráidhte ag an sagart chuaidh sé féin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí