School: Threemilehouse (roll number 342)

Location:
Teach na dTrí Mhíle, Co. Mhuineacháin
Teacher:
I. Mc Eneaney
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0953, Page 390

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0953, Page 390

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Threemilehouse
  2. XML Page 390
  3. XML “Nósanna an Phósta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Caithtear sean-bhróg i ndiaidh lánamhan nua-phósta le ádh a chur ortha.

    2) Níor cheart do'n Bhrídeóig filleadh chuig a baile féin i rith an chéad mhí taréis pósta.

    3) Deireann na seandaoine igcomhnuidhe gur aoibhinn do'n bhrídeóig ar a shoillsigheann an ghrian.

    4) Má tá an chéad leath de lá na bainse fliuch, deirtear go bhfuil sé mí-ádhmharach do'n bhrídeoíg, mar go mbeidh deóra 'na súilibh i gcomhnuidhe. Má tá an leath deireannach fliuch, tá sé mí-ádhmharach d'fhear na bainse, mar béidh triobloíd ag cur isteach air i gcomhnuidhe.

    5) Nuair a bhíonn lánamha nua-phósta ar a mbealach abhaile, casann sluagh daoine ortha le buidéal uisge beatha. Ólann siad cuid de, agus briseann siad an buidéal ar chloich. Bhí seo coitcheannta triocha bliadhain ó shoin.

    6) Deirtear go bhfuil sé mí-ádhmharach don lánamhain má's caílín ruadh an chéad duine a chasann ortha.

    7) Bhí sé coitcheannta dá fhichead bliadhain ó shoin, go rachadh fear le h-asal agus carr chun casadh ar an lánamhain ar dtús.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Éighneachán Mac Conaonaigh
    Gender
    Male