Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"i mbriathar ná deunfair a bheart a bhuachaill"
ar sise agus áthas a teacht uirthi.
"Níl ach seans eile agat" ar sise
"Coinneal is Coinlleóir ann
Is cuir-se Leath-ram (rann) leis sin."
Annsan do cruinnig sé a mheabhair agus ar seisean-
"Á! dá ndeuntá-sa aithrighe in am ní bheifeá it shamhailt annsan"
leis sin do sgein sí as a radharc ar nós splonnc teine agus ní fheacathas a rian da droichead riamh ó shoin. Bhuoidh (?) an leigheann uirthi.N.B. leath-RAM a dubhairt a seanduine a thugas fé ndeara go maith is cuimhin liom (?) agus b'ait liom é.
Duine beag clóchasach a bheadh Seán, go n-déana Dia trócaire air, a mbadh mhaith leis an lámh uachtoir d'fhághail ar Ghaedhilgeóir eile - spirid na h-iomaideachta a bhí go láidir na léitheidí - na daoine gur fhan tréithe deireonacha an Chultúir Gaedhalaigh aca. B'é féin an t-aon duine amháin sa cheanntair seo a raibh eólas ar sheanachaidheacht na sean-aimsire aige ach mo léan é bheith imtighthe.- Bailitheoir
- Míchéal Ó hAiniféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí