Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 051
- XML “An Dreoilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tabhair fe deara na buillí. Tiubhrfaidh an coilleach buille trom agus an chearc buille níos truime ná na cinn óga”.
Arais leis arís chuig stór na ndreoilíní agus sheas ag an doras ag féachaint ortha. Phioc sí amach an tsean-chearc. “Gabh amach annseo” arsa an cor-éisg “Ta ocáid beag agam diot” Chuaidh an chearc amach. “An cuimhneach leat an gaimbín sin a thug mé duit Márta an earraigh seo caithte arsa an cor-éisg. “Is cuimhneach liom go maith” arsa an chearc “agus ba mhaith a d’fhóghain sé dhom.”
“Ach bhfuil sé agat dom anois” ars an cor-éisg.
“Tá” ars an chearc ag tarrainnt amach a sparáin. Thug an chearc an dá sgilling dí agus d’imthigh sí léithí.
“Cén gnaithe a bhí ag an gcor-éisg sin ag teacht annseo faoí dhó.” Arsa na cinn óga nuair a tháinig an chearch isteach.
“Fuair mé airgead uaithí a thug ó bhás go beatha mé féin agus sibh” arsa an cearc “agus tháinig sí gá iarraidh.”
“Ar thug tú dí é” arsa an dreoilín og(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh