Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 047
- XML “Cromail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa Cromail “ach tá faitchíos orm nach mbéidh cumhacht agam a leithead a dhéanamh.” Annsin d’imthigh an fear abhaile na bróga leis agus an sighneál déanta aige.
Ba ghearr in a dhaidh sin go ndeacha Cromail isteach san airm dearg. D’éirigh sé in a shergeant, in a chornal, in a oifigeach, agus in a cheannphort ab’ aoirde i nÉirinn nó i Sasana. D’éirigh sé amach é fhéin agus a chuid fear ag marbhughadh rompa na gCaitiliceach. Shiubhail síad Éire agus Sasana ar an obair seo. Caitiliceach ar bith nach d’ionntóchadh leis bhí an ceann bainnte dhe aige agus a dhuithche tugtha do Alabanach. Caitiliceach ar bith a thionntuigh leis d’fhág sé a dhuithche aige.
Bíodar ag siubhal go dtáinigheadar chomh fada leis an bhfear a dtug sé an sgríbhinn dhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh