Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In aimsir Cromail a bhítheas ag tógaint an droichead san ar abainn na Gairbhtheanaighe. Gaib sagart an treó agus an tóir go te na dhiaidh. Stad sé agus labhair sé leis an lucht oibre agus dubhairt sé leó a rádh le h-aoinne a bheadh ag cur a thuairisge féin gur gaibh sé thar brághaid agus an céad cloch acu a cur sa droichead. Cuaidh sé i bhfolach annsan i leath-taoibh. Ba ró gheárr gur tháinig na saighdiúirí agus ceistig an t-oifigeach na fearaibh oibre. "A'bhfeacaig sibh sagart ag gabháil an treó seo le deanaighe?" ar seisean agus thug sé a chómharaidhthe dóibh. Dubradar san go pras mear gur gaibh a leithéid thar brághaid agus an chéad chloch acu á chur sa droichead. "An fada tá'n sibh ag obair ar an ndroichead?" ar seisean. "Seachtmhain" d'fhreagruigeadar. "Ní bhéarfam go deó air", arsa duine des na saighdiúirí. "Tiocam suas leis dá fhaid a raghaidh sé" arsan t-oifigeach. D'imthigheadar annsan. Ní fada ó bhaile bhíodar nuair a tháinig an sagart chun cainnte airís leis an lucht oibre. D'iniseadar dó cad a thárla agus cad dubhradh. "Is minic a d'imtig agus nár tháinig" ars an sagart. Bhí san go maith agus geárr na dhiaidh san an lá céadna gur leag an capall an t-oifigeach agus é an Chonair ó tuaidh agus d'imthig an chuid eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Brosnachain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí