Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ortha fé déin an leitriúigh ar thoir an tsagairt gan an t-oifigeach.
Leagan eile air.
In aimsir Railighe a bhíothas a thógaint agus gaibh sé tairis an an droicheadh san agus é ag dul go Dún-an-Óir (1580) an uair úd. Nuair a chonnaic Captaen Sasanaig na saoir á thógaint d’fhiafruig sé dóibh cé thug cead dóibh an droichead san do thógaint. Ní fheadar cad é’n freagra a tugadar air ach thug sé órdú diair dóibh é bheith leagaithe acu nuair a bheadh sé féin ag teacht thar nais nó gur dóibh ba mheasa. Sagart a bhí ar teiche tuas ar Churrach i gCam an Bhúdhlaoraig a dh’iarr ortha an droicheadh a dhéanamh ann. Táinig sé agus chonnaic sé na fearaibh ag leagadh an droichid ar a ndicheall. D’fhiafruig sé dóibh cad a bhí á dhéanamh acu nó cad ba bhun leis. D’iniseadar do an sgéal mar bhí. “Nuair a thiocfaidh sé tar nais an eadh” arsa an sagart, “a’ ndubhairt sé le congnamh Dé?” “Ní dubhairt”, ar siad. “B’fhéidir nach slán a tiocfadh” ars an sagart, agus b’fhéidir nách droichid a bheadh ag cur tinnis air nuair a thiocfaidh má thagann”. Le na linn sin, chonnacadar chúca an capall ar chos in áirde. Cad a bheadh ann ach capall an tSasanaig, tar éis a mharcadh a chaitheamh. Bhí cos leis an marcach greamuighthe san iallait agus é ar sileadh síos ar thaobh agus a cheann ’na phraisig tar éis é bheith á tarrac ar an dtalamh agus é stalcaithe marbh. Tá dáta geárrtha ar cloich sa dhroicheadh. Dubhairt Pádraig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Brosnachain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí