Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá báistighe agus sinn go léir bailighthe istig sa tseana thigh thuas, sa tseana láthair, bhí an seanduine sa chúinne agus gan puínn ag imtheacht i ganfhios do, agus gan puínn eile ag cur tinnis air ach ag faire agus ag éisteacht nuair a dhóig leat é bheith ag tuiteam d'á chodladh. Tháinig fear siúbhail go béal a' doiris a' lorg déirce. "Druid isteach" arsa'n sean-duine, "agus innis sgéal" Dhruid an bacach isteach agus tháinig lastig de dhorus ach ní dubhairt sé focal.
"Bhfuil sgéal ná duain agat?" arsan seanduine
"Ciacu b'fhearr leat an sgéal a bhí ann riamh agus a bheidh go deó nó an sgéal ná raibh ann riamh agus ná beidh go deó." arsa'n fear siúbhail.
"B'fhearr liom an sgéal a bhí ann riamh agus a bheidh go deó" arsa'an sean-duine.
"Tá an cat riamh ag liabadh na bró agus beidh go deó" ars'an fear siúbhail
"Tioit. Tioit" ars an fear eile, "B'fhearr liom an sgéal ná raibh ann riamh agus ná beidh go deó"
"Seadh. Seadh." ars 'an bacach, Níor neaduig luch riamh i gcluais an chait agus ní dhéanfaidh go deó.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí