Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 091
- XML “Bia agus Béilí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ucht chapaill do leigheas. Seadh mhuis agus dá mbeadh capaill ann go mbeadh an t-ucht bog aige chuiridíd uisge an éanthartaig á nighe sar a mbrisfaí isteach é chun an croiceann ar an ucht do chruadhchaint. Ní luighfeadh an coiléar air in aon chor annsan. Bíonn na bruic ana mhór in diaig préacha an éanthartaig.Fothrom (nightshade) a bhilleog so a cuirtear le cneath, mór-mhór cneath nó teinnidheacht cos. Cuirtear an taobh garbh de'n mbilleóig isteach leis an gcneath chun othar nó braon do tharrac as, agus an taobh mín di chun é chneasú. Bhíodh an fothrom -lag- láidir ainmighthe riamh i.e. an taobh lag nó mín chun cneasaighthe agus an taobh láidir nó garbh chun drochobhraon a tharrac.Samha-feárnan Bhíodh na seana mná riabh á chur so le nioscóidí mar leigheas.Briosealán : Dheinidís a phreacha so a rósta ar an ngíosaig agus é d'ithe annsan. Muise is minic a dheineamar é rósta agus é d'ithe leis agus sinn 'nár leanbhaí. Chonnac cuid des na sean-daoine á ghearra mion agus á mheasgadh leis an dtobac á chur sa phíp aimsear an chogaidh nuair a bhí an ghannachúis ar an dtobac.Caishreabhán: Is minic a chonnac chuid des na sean-daoine agus is amhlaidh a bhíodh billeóga an chaisreabháin tirim sábhálta nó feóighthe na bpoca acu agus bhídís a dh'ithe aníos as a bpóca mar íosfá duileasg. Agus ní le h-ocras a bhídís á dh'ithe leis.
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí