Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Marcusach Seán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ar an mbaile seo, Marcusach Seán ab'ainm do,+ d'imthigh dhá bhó ar fán uaidh + chuaidh sé á gcuardach. Bhí tuiteam na h-oidhche ann + é a bhfad ó bhaile ag cuardach roimis. Tar éis tamaill chonnaic sé solus beag uaidh ar thaobh an chnuic + chuaidh sé fé na dhéin. Is amhlaidh a bhí tig beag ann + é lán de dhaoine beaga istig. Chuaidh an fear isteach + chuir na daoine istig fáilte roimis. Bhí na prátaí beirbhthe ar an mbord + dubhradar leis suidhe isteach + iad do dh'ithe. Ní raghadh sé sall go dtí'n mbord. D'éirigh an cathaoir + é innte + chuaidh sí sall go dtín mbórd. Ní íosfadh sé na prátaí annsan + dubhradar leis na prátaí dul siar na bhéal. Chuir sé a dhá láimh suas le na bhéal + ní fhéadfadh na prátaí dul isteach na bhéal. Ach bheir beirt ar a lámha + thógadar anuas iad agus d'osgail duine eile a bhéal le blúire chipín. Léim práta mór isteach idir cheirt agus croiceann + ní mór nár thacht sé é. An fear bocht. Thugadar an oidhche ag gabháilt mar sin dó + tar éis tamaill nár thuit a choladh air. Nuair a dhúisigh sé bhí an lá geal ann + an ghrian go h-árd sa spéir. D'fhéuch sé tharais is amhlaidh a bhí sé na luighe ar thúrtóig móir fraoig ar thaobh an chnuic agus a dhá bhó ag inbhfhéar ar a aghaidh amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conn Ó Scannláin
    Inscne
    Fireann