School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 028
- XML “Marcusach Seán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ar an mbaile seo, Marcusach Seán ab'ainm do,+ d'imthigh dhá bhó ar fán uaidh + chuaidh sé á gcuardach. Bhí tuiteam na h-oidhche ann + é a bhfad ó bhaile ag cuardach roimis. Tar éis tamaill chonnaic sé solus beag uaidh ar thaobh an chnuic + chuaidh sé fé na dhéin. Is amhlaidh a bhí tig beag ann + é lán de dhaoine beaga istig. Chuaidh an fear isteach + chuir na daoine istig fáilte roimis. Bhí na prátaí beirbhthe ar an mbord + dubhradar leis suidhe isteach + iad do dh'ithe. Ní raghadh sé sall go dtí'n mbord. D'éirigh an cathaoir + é innte + chuaidh sí sall go dtín mbórd. Ní íosfadh sé na prátaí annsan + dubhradar leis na prátaí dul siar na bhéal. Chuir sé a dhá láimh suas le na bhéal + ní fhéadfadh na prátaí dul isteach na bhéal. Ach bheir beirt ar a lámha + thógadar anuas iad agus d'osgail duine eile a bhéal le blúire chipín. Léim práta mór isteach idir cheirt agus croiceann + ní mór nár thacht sé é. An fear bocht. Thugadar an oidhche ag gabháilt mar sin dó + tar éis tamaill nár thuit a choladh air. Nuair a dhúisigh sé bhí an lá geal ann + an ghrian go h-árd sa spéir. D'fhéuch sé tharais is amhlaidh a bhí sé na luighe ar thúrtóig móir fraoig ar thaobh an chnuic agus a dhá bhó ag inbhfhéar ar a aghaidh amach.
- Collector
- Conn Ó Scannláin
- Gender
- Male