Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 650
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine fadó agus annsan tá crós mór cloice ón 6adh aois.Thoghadh Caisleán Gallurus sa 15ad aois. Is grámna doitcealach an cuma atá ar an gCaisleán anois. Is mór an deifireacht ata idir é agus séipéilín Gallurus. Dream saighdiúirí a bhí i gCaisleán Gallurus agus naomh a bhí i séipéilín Gallurus. Is iad na Gearaltaig a thógh an caisleán.Nil ins an gcaisleán anois ach fotrach scriosta noctuighthe is na fallaí ar leacadh chun gaoth na gnoc is gairb-shíon na mara dhá léigean tríd. Tá fotrach eile leis im paróiste; sé fotrach é na fotrach Naomh-Breandán. Togadh é sa chúighmad aois deág. Bhí sé trí staigre ar aoirde aoirde agus bhí mairteál á usaidh sa tógaint. Deirtear go raibh seacht gcéad deág manaig ann diaidh an ndiad. Ar an dtaobh amuigh de'n bfothrach tá tobar beannuighthe tobar Naomh Breándán. Tá sé ag teacht ó Cnoc Bhreánainn. Tá tobar eile leis ann Tobhar na Molt. Tá casán ag dul ón bhfothrach go dtí Cnoc Bhreánainn. Casán na Naomh a tugtar air toisc an méid naomh a shiublaigh ar an gcasán. Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí