Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 531

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Do bhí Rí ann fadó agus do bhí triúr inghean aige. Aon lá amháin do tháinig an inghean ba chríodhne go dtí an Rí agus dúbhairt sí leis go raibh sé i namh aici féin rud éigin do dhéanamh. Tá go maith ars an Rí "cad a bheidh uaith?" "Gach a mbeidh de stoc ar an aonach amáireach." Do tháinig an tarna inghean chuige agus dúbhairt sí an dáltha ceadhna leis an Rí. "Cad a bheidh uaith", ars an Rí. An fear is breághtha a bhuailfidh leath ar do siubhal amáireach. Do tháinig an tríomhadh inghean chuige agus dúbhairt sí sin an dáltha ceadhna. "Cad a bheidh uaith", ars an Rí. An bláth is breághtha a bhuailfidh leath ar do shiubhal amáireach.

Do tháinig lár na máireach agus do dhein an Rí an rud a dúbhradar leis. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile ón aonach do chuaidh sé go dtí coill

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge