Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 523

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

dinnéir. De hAoine a bheadh é agus ní íosadh an buachaill aon fheóil. Tháinig ingean an ministir chuige agus dúbhairt sí leis go ndúbhairt a h-athair léite. Fhiafruighe do an n-íosadh sé aon fheóil. Dúbhairt an garsún an bhéarsa so leas an gcailín.

Abiar-sa le'd Dhaidí,
Cé gur deachair dómhsa labhairt leis,
Go bhfuil teine mhór i n'Ifreann,
Go mbíonn ministir ag damhsa ann.

Bhí buachaill aimsire ann fadó agus aon mhaidean amháin chuir a mhághaistir an cheard-chain leis an gcapall é chun cruidhte a chuir fé. Nuair a chuaidh an buachaill an cheárdchain bhí morán capaill eile ann roimis agus cuireadh cruidhte fé na capall sin roim capall an bhuachalla.

Annsan díreach agus an gabha chun cruidte a chuir fé chapall an buachalla tháinig

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge