Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 254
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an dreallach acu; leig an tighearna urcar agus bhí sé cinnte go raibh an gaduidhe marbh aige. D'éirigh an tighearna agus chroich an corp marbh ar a dhruim, d'imigh sé leis go dtí an roilig chun an chuirp do chur. Nuair a bhí sé imthighthe thánaig an gaduidhe isteach sa leabaidh agus leig sé air gurab é an tighearna a bhí ann. Bhí an bean sa leabaidh cinnte de mar bhí sé dorcha agus ní fhaca sí aghaidh an fhir.
Nuair a fuair an gaduidhe é féin sa leabaidh thosuigh sé go réidh ag tarraingt na mbráithilín agus sar i bhfad bhí siad i ngreim daingean aige.
"Ó" adubhairt sé "sílim ná'r chuir mé an corp sin i gceart rachaidh mé amach agus beidh mé cinnte dhe.
Ar dhul amach an doras d'ó bhuail sé ar an dtighearna a bhí ag teacht arais tr'éis an chuirp a bheith curtha aige. "Anois" ars an gaduidhe "tá na braithlíní agam." Bhí ar an tighearna agus ar a mhnaoi an teach do thréigint agus é d'fhágail le na gcuid airgid agus saidhbhreas go léir ag an ngaduidhe. Bhí saoghal socar sámh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Alice Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Tom Carroll
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh