Bhí fear uair amháin i gConnemara; bhí sé ag fághail báis agus rinne an sagart gach a b'fhéidir leis dó. Annsin dubhairt sé "An bhfhuil impidhe ar bith ort anois a Phadhraig" "Tá" ars Pádraif "Thaitneochadh sé liom dá gcuirfeadh siad mé i reilig Hebrew." "Ara tuige sin?" ars an sagart "Bhuel sin é an áit dheireannach é a rachaidh an diabhalann ar lorg Gaodhail" arsa Padraig. "Sgéal";- Té pairc sa bparóiste seo agus tá áit áirithe ann; má seasann aoinne 'san áit sin téigheann sé ar strae. Deirtear gur fágadh cónra in a raibh corp marbh san áit úd nuair a bhíodh na cónraí ghá iomchur ag na daoinibh go dtí na reilig fadó.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »