Bhí fear in a chomhnuidhe ins an áit seo fadó. Rinne sé brionglóid oidhche in a dhiaidh a cheíle go raibh a shaidhreas le fághail ar Dhroichead Luimnigh dá bhféadfadh sé dhul ann. Thriall sé leis agus d'imthigh sé ar siubhal gur shrois sé an droichead. Bhí sé trí lá ag siubhal siar agus aniar, agus ar an dtriomhadh lá tháinic fear chuige agus d'fhiafruigh sé dhe cad a bhí ag cur as dhó, go raibh sé ag féachaint air a' siubhal ar an ndroichead le trí lá. Dubhairt sé leis go ndearna sé brionglóid trí oidhche in a dhiaidh a chéile d'ár fhéad sé dhul go Droichead Luimnigh go raibh a shaidhbhreas le fághail ann. D'fhiafruigh an fear as Luimneach dhe annsin cérb' as é agus ce'n fhaid a bhí sé ó'n áit sin. D'fhreagair an fear eile go raibh sé as Conndae Shligigh, agus annsin d'fiafruigh sé dhe as ce'n paróiste. "Taím as paroíste Cill Mhic Tadhg" ar seisean "sraid bhaile ar a dtugtar "mBun na Liath" atá comhnuidhe orm" "Bhí brionglóid agam" ars an fear eile "cosamhail
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »