Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 241
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí ceathrar fathach in a gcomhnuidhe le 'na mathair uair amháin. Bhí fathach an-mhór in a chomhnuidhe in aice leo agus mhínigh sé dóibh go marbhochaidh sé iad lár na bhárach. Bhí eagla an domhain ar an máthair agys chuir sí beirt aca amach ag seig, ceann eile ag tabhairt aire do's na buaibh ar an sliabh agus an páiste dob'óige díobh do chuir sí ins an gcliabhán é. Thánaig an fathach ór agus d'fhiafaigh sé den sean mhná cá raibh na buachaillí, dubhairt sí go raibh beirt aca amach ag seilg, duine eile ag tabhairt aire dos na buaibh ar an sliabh agus go raibh an páiste dob'óige díobh go léir ins an gcliabhán. Annsin d'fhiafraigh an fathach mór di an raibh aon fhiacal ag an bpáiste sa gcliabhán agus dubhairt sí nach raibh fhios aici; chuir an fathach mór a mhéar i(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Veronica Murphy
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- John Ginty
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh