Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 278
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dreoilín ann uair amháin 's bhí ocht gceann déág mar chlann uirrthi. Thánaic an droch-aimsear uirrthi nuair a bhí siad 'ghá dtógáil aici. Bhí sé ag dul rithte leithe a ndóthain bidh a sholáthar dóibh. Chuaidh sí go dtí créisg agus d'iarr sí dhá sgilling ar iasacht uirrthi. Thug an créisg an fabhar sin dí. Thog sé ó bhás go beatha í féin agus a clann. Bhí sí mar sin go trátha na Samhna. Thánaig an créisg chuici chun a chuid airgid d'fhághail arais arís. Bhí an dreóilín agus a clann a' bualadh coirce. Thánaig an créisg isteach in a measg acht mo leán ní raibh fhios aige cíoca a thug sé an dá sgilling dó!. D'ith sé gráinne de'n choirce agus chuaidh sé abhaile brónach go leór. D'innis sé do'n sean chréisg, nach raibh fhios aige ce'n ceann de'na naoi gceann déág ar thug sé an píosa dó sgilling dhó.
"Téigh arais arís" ars' an sean créisg "agus tabhair na buile fé ndeara. Beidh buile an chinn is sine níos laige ná na cinn eile."
Mar sin d'imthigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Kathleen Ginty
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Tom Carrol
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh