Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 310
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ann uair amhaín agus thárla argóint eatorra id taobh cé aca saoghal robalaidhe nó saoghal fir ónóraigh an saoghal is fearr. Shocruigh siad go gcuirfeadh siad an ceist ar an gcéad dhuine a mbuailfeadh leo. Dá ndearfadh an duine sin gurab é saoghal an fhir ónoraigh a b'fhearr bheadh cead ag an duine a bhí ar raibh 'na bhfear onórach na h-eadaigh agus na siulí (?) a bhaint as an bhfear eile agus é a chaitheadh isteach i gcoill airithe. Agus dá ndearfadh sé gurabh é saoghal na robaluidhe an saoghal a b'fhearr d'fheadfadh an fear a bhí ar a dtaobh súid an rud céana a dhéanamh leis an bhfear a bhí - ar raibh na bhfear ónórach. Mar sin nuair bhuaileadar ar an chéad dhuine chuir siad an ceist air agus dubhairt sé gurab é saoghal na robaluidhe an saoghal a b'fhearr. Dá bhrigh sin bhain an fear a bhí ag aontughadh leo na h-éadaig de agus na siúli as an fear a bhí ar thaobh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Alice Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Tom Carrol
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh