Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 253
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dheadh agus thuit sé ar meisge má bhfhiór d'ó fheín. Um a dtaca úd bhí an buidéal uisge beatha in a phóca aige. "Fear atá ar meisge" ars a dhuine acu "tá buidéal uisge beatha aige ólfaimid cuid de." Rinneadar amhlaidh agus thuit siad ar meisge; thuit siad in a gcodhladh freisin, agus niorbh' fhéidir leo dhuíseacht go dtí trathnóna lá'r na bhárach. Thug an gaduidhe na capaill abhaile leis. Annsin dubhairt an tighearna leis an gaduidhe "Caithfidh tú na braithlínní a bhéas fúm féin agus mo bhean a ghoid anocht. Beidh gunna agam chun pileár a chur tré'd chroidhe. Má éirigheann leat teacht slán agus na braithlinní a ghoid béarfaidh mé mo theach agus mo chuid airgid dhuit."
Chuaidh an gaduidhe go dtí an reilig agus thóíg sé fear marbh as uaigh. Fuair sé rópa fada agus leis an rópa leig sé an fear marbh síos an tsimileár. Cheap an fear agus an bhean a bhí sa leabaidh gurab' é an gaduidhe é a thuit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Alice Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Tom Carroll
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh