Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fr:- Gas cabáiste
27. Tabairín beag bídeach ar fhíor bharr an t-sléibhe fuinneoigín gloinne agus doraísín cré air
Fr:- Súil duine
28. Sín amach do lámh ar t-aghaidh agus cloisfidh tú rud nach raibh, nach bhfuil agus nach mbeidh
Fr:- comh fhad na méar
29. Comh h-árd le balla, comh bán le bainne, comh dearg le fuil, comh milis le mil.
Fr:- ubhall.
30. Cnap sáile fá bun coille is gan aon easna ann.
Fr:- Seilmide.
31. D'éirigh mé ar maidin, lá ceo. Chuala mé géim, is ní géim coiligh é, ná géim bó, ní éan é is níl sé beo
Fr:- Leac oidhre ag sgoilteadh.
32. Chuaidh mé suas an bóithrín casadh mo Mham dhom, bhí srón iarainn uirrí agus méaracha airgid. Is í a cuirfeadh ruaig ar na préacháin.
Fr:- gunna
33. Deatach sa ghleann gan aon splainnc ann.
Fr:- ceo.
34. Préachán ag eiteall agus cat in-a suidhe ar a ruball.(leanann ar an chéad leathanach eile)