Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Tá sé ann ó thús an tsaoghail is níl sé ráithe d'aois.
Fr. An ghealach.
2. Chuaidh mé suas an bóithrín is thug mé liom rud nach raibh mé ag iarraidh.
Fr. Dealg
3. An rud is mó a bhfuil súile air agus nach bhfeiceann.
Fr. Fata.
4. Molt mór, dubh, teann, istigh, idir dhá gleann.
Fr. Asal agus párd[óg] air.
5. Chuaidh mé suas le fáinne an lae, fuair mé rud beag na luighe sa bféar, Niorbh iasc na feoil, fuil na cnámh is choinnigh mé é gur shiubhal sé uaidh féin.
Fr. ubh.
6. Siud agam tríd an sruth, fear gan cóta fear gan crios, fear na gcol gcaol chruaidh sé mo thruagh nach fhéadaim rith
Fr. An bás
7. Cén rud déineanns siubhal ar a chloigeann
Fr. táirgne bróg.
8. Corcán óir lán d'feoil bheo.
Fr. Méarachán.
9. Chuaidh mé suas an bóithrín agus chuaidh mé síos an bóithrín agus d'iompuigh mé an bóithrín ar mo dhruim.(leanann ar an chéad leathanach eile)