Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 384
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do na buaibh tháinig an tarbh aríst agus di'th [!] agus d'ól sé a dhóthain.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tiomáil sé na beithidhigh abhaile roimhe Leagadh a bhéile faoi aríst agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh go raibh a dhóthain ithte agus ólta aige. Dubhairt an bhean leis go ngeobhadh sí amach céard an bhiadh dhó. Dubhairt sí leis (go ngeobhadh sí amach) na beithidhigh a tiomái[lt] abhaile an tráthnóna seo.
Nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na buaibh tháinig an tarbh aríst agus d'ith agus d'ól an buachaill a dhóthain. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile thiomáil sé na beithidhigh abhaile roimhe. Leaghadh a bhéile faoi aríst agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh. Dubhairt an fear leis féin go ngeobhadh sé amach cé'n áit a raibh sé ag fághailt an bhidh.
Chuaidh sé ar an sliabh in aoinfheacht leis an mbuachaill agus d'fhan sé ag faire faoi gclaidhe go dtáinig an tarbh. Rinne an buachaill an rud céadhna aríst, chonnaic an fear é agus bhí fhios aige annsin cé'n fáth nach raibh sé ag ithe a bhéile. D'imthigh sé abhaile agus d'innis sé dhá bhean é. Lá ar na bhárach chuaidh an triúr aca ar an sliabh agus d'itheadar agus d'óladar a ndóthain.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chloch Scoilte, Co. na Gaillimhe