School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 163
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an clóca aige. Beir ar an gclóca agus tabhair leat é.
    Áit ar bith sa domhain a mba mhaith leat a bheadh ann, cuir ort an clóca agus béidh tú ann. Tabhair amach do sgian agus bain an croidhe as an fiach dubh agus cuir in do phóca é, agus níl aon lá go bráth nuair a eireócas tú ar maidin nach mbeidh pilliúr óir faoi do cheann. "Más fíor é sin" ar seisean déanfhadh mé é, agus rinne agus thug sé an croidhe agus an clóca leis. agus nuair a deirigh sé ar maidin fuair sé an pilliúr ór faoi na ceann agus nuair a bhí chuile rud sa teach lán le ór aige dubhairt sé le na mhuinntir go n-imtheochadh sé leis go bfeicfheadh sé tuille go h-Éirinn agus dimthigh sé ar maidin.
    Bhí sé ag imtheacht leis go raibh sé deirneach sa trathnóna agus bhí sé tuirseach agus bhí ocras air agus chonnaich sé caisleán istigh i bpáirc. "Rachaidh mé isteach" adeir sé go bhfeicfhidh mé a bhfuigh mé lóistín na h-oidhce ann agus rud le n-ithe. Tá mé indhan ioch go maith air.
    Chuaidh sé go dtí an caisleán agus nuair a bhí sé ag tígheact go dtí an doras bhí bainríoghan óg agus sean bhean ag dearcadh amach an fhuinneóg ag breathnughadh air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Breathnac
    Gender
    Male
    Age
    71
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mám, Co. na Gaillimhe