Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is a Chríost nar bh-iúd í an Áilneacht í Pucán Mhicil Pháidín
An lá ar árduigh sí amach as Árainn is ar árduigh sí an crann núa
Ní bréag ar bith na ráidhte ar fheabhas is bhí sí a cháthadh
Nach dtagadh sé ina bháistigh ar dhá thaobh an chuain
ii
Ach i Roundstone lár ar na bháireach, seadh thosuigh an gleó is an troid (sáraidheacht)
An lá a chuir sagart Chárna iad amach go Sgeirde Móir
Ní raibh ceann de na naoi gcinn istigh ó Chruách na Coile
Nuair a bhí bád seo i Muinse Sgeirde agus na fir amuigh ag ól
iii
Ach thíar ag Crúach na Caoile seadh thosuigh sí ag sinead suás sa gnaoithe
Is gur bé dúbhairt Casey Maoinis nach raibh aon bhád mar í amuigh ag seól
Ó ghlan sí Cruách na Caoile agus í ag imtheacht roimh an gaoithe
Is Púcán Bhaibsín rompa is í déanta le haghaidh an tseóil
iv
Ach aníar ag leac na gCaorach seadh thosuigh sí dhá síneadh
Is go mba gheall leis an Sluágh Sidhe i nuáir a leigtí[?] léithe an seól
Iséard é Mhicil Pháidín buáchaillín deas mánla
Is do réir mar dúbhairt na mná liom ba mhaith é i dteach an óil
v
Bhí aithne agam air is eolas idtaobh athar is máthar
Is iomdha fear a craith lámh leis ag dul sráid bhaile mhór
Ach tá cailín óg in Árainn a bfuil na céadtha punt indán dí
Agus thug sí grádh dó trid a bfaca sí d’fir beó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cadhain
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe