Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá bfuighfinnse culaith éadaigh ambeadh ór ag silleadh léithí
As ucht dán a dhéanamh de thaobh an chreidimh Gall
Ní thiocfhadh lé mo chlaontaibh sliocht liutáir ‘mholadh ar aon chor
A d’iompuigh ar láimh chlé agus ‘thréig Mac na nGrást
Nach buán an cara dhoimsa tráth m-anam bheith dá sgrúdú
Cnagaire den duithche sin ar chuantas dá bfághainn mo chreidhim féin
A phlúchadh ar nós an mhadhaidh dhúthchais
Is a bheith arís go cultach in am cúntas a thabhairt ann
Ii
A Pheacaidhte na Síligí gur ar nós an chineadh daonna
A shiolrúigh an leabh Íosa a fuair aoibhneas na nGrást
Is do chaith an t-Athair naomhtha de bhliantaibh cheithre mhíle
Le soitheach glan a dhéanamh a choinneóchadh É trí ráithe
Sí Máire an bhean nár smaoinigh ar peachaidh ar bith a dhéanamh
Ach mar tigh na hubhlaí milse ar thaobh deas na gcránn
Is gur fhás an chraobh sin tréithí le solus a thabhairt dhíbhse
Is duáis do réir a ngníomharthaibh bhéas go cinnte againn lé fághail.
iii
Is Maighdean ghlan gan bhréig í banríoghan an domhain go léir í
Impighim thú is ná tréig mé in eiric mo chain
Is a mhaighdean chumhartha an aon Mhic a fúair spideamhlacht ó Herod
De chionn an cinneadh daonna – tabhairt faoi shéala Rígh na nGrást
Faraor ghéar nár éag me ar mo ghlúinnaibh ag iarraidh déirce
I ngeall ar nídh gan éifeacht sul a chlaonfhainn den dream(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Mhullaoidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Cathain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe