Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “An Ceannaí Beag agus an Ceannaí Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánamhain ann fadó agus bhí síad an bhocht. Lá amháin chuaidh an fear ar an aonach leis an gcapall a dhíol agus d'iarr sé cúpla sgilling airgid ar a mhnaoi agus thug sí dhá leath-choróinn dhó.
    D'imthigh an fear leis nó go dtáinig sé ar an aonach. Is geárr a bhí sé ann go dtáinig Ceannaidhe beag agus ceannaidhe mór go dtí é agus d'fiafruigh siad dó céard a bhí sé a d'iarraidh ar an gcapall. D'innis sé dhóibh.
    Dúbhairt síad leis nach mba bhfiú sin é agus dúbhairt an fear go gcaithfeadh sé leath-choróinn as a bhéal chuile uair a mbuailfidhe buille de mhaide air. Annsin bhuail an ceannaidhe mór buille de mhaide ar an gcapall agus chaith an fearr ceann de na leath-choróinneacha a fuair sé ó na mhnaoí ar an talamh, annsin bhuail an ceaddaidhe mór arís agus chaith an fear an leath-choróinn eile ar an talamh.
    Bhí fhios aca annsin go mba bhfíor den fhear é agus thug siad luach an chapaill go maith dhó. Nuair a bhí síad ag dul a bhaile annsin dúbhairt an ceannaidhe beag leis an gceannaidhe mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Mhullaoidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Darach Ó Mullaoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe