Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “An Bhaintreach agus A Triúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreach mná ann fadó agus bhí triúr mach aichi. Chualaidh an triúr go raibh inghean an righ sa domhan thoir lé fághail ag cé ar bith bheadh i ndon long ar eilteóg do déanamh. Réiteigh an mach ba sine é fhéin agus nuair a bhí sé ag imteacht dubhairt sé lé na máthair go dteasteóchaidh arán uaidh. Rinne sí dhá chúidh de’n arán. Cé is fearr leat an chúidh beag imo beannacht ná an chúidh mór is mo mhallacht. Is fearr liom an chuidh mór is do mhallacht. Dimthigh leis go dtí an chóill. Ba gearr go dtháinich ocras air agus suidhe sé síos chún a bhéile d’ithte. Tháinig madha chúige “an caraid nó námháid leat mise”. Ní cháraidh ná namhaid liom thusa. Dimthig leis an sin agus chaith sé lá agus bliadhain sa gcoill ag gearradh adhmuidh. Do chinn air long ar eilteóg do déanamh. Annsin chuaidh an dara mach go dtí an chóill. Dubhairt sé an rúd chéadna lé ná mháthair is dubhairt an mach ba shine. Rug sí ar cháca aráin agus rinne sí dhá chúidh dhe. Cé is féarr leat an leath bheag is mo beannacht ná an leath mór is mó mhallacht. Dimthigh leis go dtí an chóill annsin. Tháinig am an dinnéar agus chuaidh sé ag ithe a bhéile. Ba geárr go dtáinic madha beag chúig agus dubhairt sé “an charaidh no námhaidh leat mise”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Bháil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Bháil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe