Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inistrághamhóir
- XML Leathanach 103
- XML “An Rón”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beithidheach beag iseadh an Rón atá ina connuidhth sa bfairrge ar nós an bhric. Snámhann sé leis faoi uisge agus amannta suidheann sé ar charraig dha ghrianú féin. Tá búir aige nach bfuil mórán de dhifridheacht idir é agus búir na bó.Tán an tóir ar chroiceann agus ar ola an Róin. Tá an rón i gosainlacht leis an duine mar tá chúig méir ar caon chois leis agus mar sin ní ceart é a mhárbhú. Deir na sean daoine go raibh Sasannach thall i Rosmuc suim mhaith bliadhanna ó shoin ann ag caitheamh saoire. Bhí gunna aige agus an tóir a bheith ag marbhú Rónta.Lá amháin chonnaic sé Rón mór ar Carraig i ngar do láimh. Soláthar sé a ghunna agus shín sé an rón boacht mín marbh. Thug sé leis abhaile é dfeann é agus bhain an ola as.Níor bhraith sé aon donas air de bhárr an gníomh sin gídh gur chuir muintir na háite ar a aireachar é.Bhí clann an fhir seo ag fás súas agus iad ag dul ar sgoil. Lá amháin agus iad ag an gcladach connaic duine aca(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Conghaoile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe