Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “An Príosún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Molaim súgha na héornan go deo deo agus choidhche
    Is nách mairig gan toil an Rí Seoirse as é do dhéanamh
    Mar sé Sean an guistís, a comairleóchadh na ndaoine
    Is gur annsiúd a fuáir mé eolas ar ócum do spíonadh.
    Ór amh dil dí dil dórí sé ócum an phríosúin
    Dfág súgh an ornáigh go leór anois le déanamh/dá spíonadh.
    ii
    Nuáir a tugadh go dtí an stór mé araibh ócum ag dul thar maoil ann
    Thug mé lán mo ghabhail liom mo dhóthain go ceann míosa.
    Is nach mise a bhain an gáire as na Gárdaí a bhí imthimcheall
    Nuair a dfiafruigh mé den ghárda cen diabhal a bhí sé a’dhéanamh
    Ór am dil dí dil dórí sé ócum an phríosúin
    Dfág sug na hornan go leor anois le déanamh/dá spíonadh
    iii
    Síl mé go bráthach bráthach go mbainfhidh as an líon é
    Mar is mór é mo ghean ar an tseanbhean do sníomh é
    No gur mheadh sí ins na sgálaí na málaí bréagh síl
    Dfág sí ins na málaí é go sníomhfadh sí san oidhthe é
    Curfa
    iv
    Nach mise a bhíos go brónach gach Domhnach is lá saoire
    Nuair a theighim amach sa ngáirdín istigh i bfáinne is mé dul thar timcheall
    Is go sileann óm súile glasa deora i gur b-ait an obair Domhnaigh
    A bheith ag obair ar an gcaoi seo
    Curfa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chonghaoile
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Conghaoile
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe