Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí táilliúr i n-Éirinn fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí siad an bhocht agus ní raibh acha acht aon ghabhairín amháin agus sin é bhíodh ag coinneál bainne leo.Bhíodh an chionn ag an táilliúr ar an ngabhairín agus bhíodh sé ag cur a clann ag fosaidheacht leis.Lá amháin chuir an táilliúr an mac ba shine amach leis ag fosaidheacht agus chuir sé isteach I ngarrdha mór féir é agus bhíodh sé ag baint rudaí deasa dhó agus dhá gcaitheamh chuige. Nuair a bhí sé i n-ám a dhul i bhaile d’fiafruigh sé den ghabhairín a raibh a shaith ithte aige agus dúbhairt a gabhairín go raibh. Sgaoil sé abhaile annsin é agus chuir sé isteach I sgioból é. Nuair a bhí an táilliúr ag dul i codladh san oidhche chuaidh sé amach go dtí an gabairín agus d’fiafruigh sé dhó ar ith sé a dhóthain indiú agus dubhairt an gabairín nach ith ná a leath dhóthain. Chuaidh an isteach agus dhíbir sé an mac ba shine. Lá ar na bháireach chuir sé an dara mac ba shine amach leis agus rinne sé an rud céadna a rinne a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Mhullaoidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Darach Ó Mullaoidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe