Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dhearbhráthair ag baint rudaí mílse agus dhá gcaitheamh chuige. D’fiafruig sé den ghabhairín nuair a bhí sé i n-ám a dhul i bhaile a raibh a dhóthain ithte aige agus dúbhairt an gabhairín go raibh agus nach bféadfadh sé níos mó d’ithe.Chuaidh an táilliúr amach arís go dtí é agus d’fiafruigh sé an rud céadna dhó agus dúbhairt an gabhairín nar ith sé tada. Dhíbir sé an dara mac freisin agus an chéád lá eile cuir sé an amac do b’óige amach leis. Rinne an mac do b’óige an rud céadna ach ba bheag é a bhuidheachas nuair a chuaidh sé i bhaile. Dúbhairt an gabhairín leis an táilliúr nach bhfuair sé a leath dhóthain lé n-ithe agus dhíbir sé an mac d’bóige freisin.Chuaidh sé féin ag fosaidheacht leis an chéad lá eile. Tabharfa mise do dhóthain lé n-ithe anois dhuit a ghabhairín lághach arsa an tailliúr. Thiomáin sé an gabhairín abhaile nuair a bhí sé i n-ám agus shul a ndeacha sé i chodladh chuaidh sé amach arís go dtí é agus d’fiafruigh sé dhó ar ith sé a dhóthain an lá sin agus dúbhairt an gabhairín nach bfuair sé cead aon rud a ithe. Bhíos ag an táilliúr annsin gur ag cumadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Mhullaoidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Darach Ó Mullaoidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe