Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “An Bhean Bhocht agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an charnáin ar ar sgar sé í. Siúd leis ag cuárdach an bhréidín. Dubhairt daoine leis gur bíad na daoine matha a chroch leó an bréidín agus dá gcartfadh sé na clocha go bfuighfeadh sé an bréidín. Rinne sé mar moladh dó ag ceapadh gur ar mhaith leis a bhí an chomhairle a tugadh comh saor sin dhó.
    Ní raibh sé i bfad ag cartadh gur casadh sean brog air, tamall ina diaidh sin casadh mála airgid air. Bhí a croidhe amuigh in a bhéal lé háthas. As go bráthach leis abhaile go dtí na mháthair leis an saidhbhreas a bhí fáighte aige. Dúbhairt sise leis gur[?] a rún a leigean le mac an éin bheó. Níorbh ar chomhairle a mháthar a bhí áird ag an amadán. D'innis sé do bheag is mór, iséal is úasal faoi an mála airgid a fuair sé.
    Chúala an fear a raibh an ciste[?] i bfolach aige go raibh sé ag an mbaintreabhach. Tháinig sé ar lorg an airgid ach mharbhuigh an bhaintreabhach é agus chuir é. Rinne sí seo ingan fhios dá mac marach[?] sin ba ghearr go mbeadh sgéala aici air. Ach mar bhí sé, d'fan an t-airgead aici agus d'fan aici ina teannta an rún.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chonghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Conghaoile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe