Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)liom m'fhear cheóil acht deanfainn pleota breágh g'amadán. Síos leis go dtí teach na bainse a's buail sé an doras. Fiafruigheadh cé bhí ann. "Amadán" ar seisean a's sgaoileadh isteach é. Pé'r bí cén mísg a rinne sé an chéad uair rinne sé a sheacht n-oiread an uair seo. Tháinig mac Rí Éireann anuas go mbuaileadh sé a's go gcuireadh sé amach é. Ní dhearna mac Rí Eireann acht breith air, a's é ceangal dhá chéile a's é chaitheadh sa gclúid go maidin. "Cén bás a bfhearr libh a thabhairt air" ar seisean maidin lár na bháireach. "Bás ar bith a thogróchas tu feín ars an cúlódar. Fuair sé ceithre cinn go chaiple, agus tharraing sé ó na chéile é. Dfág sé an t-oileán fré chéile ag an bhfear ba mheasúla a bhí ann acht é bheith faoi árd-chíos aige feín go bráthach.
Bhí sé ag deanamh ar an mbaile a's na haon bhean déag i n-éinfeacht leis. Tháinig sé go dtí an t-oileán seo a's chonnaic sé fear ann istigh. "Manam" ar seisean "go mbéidir go bé seo an fear atáim a tóruíocht. "Má dheanann tú mo chomhairle-sa" ars an ingin ba sine "ní ghabhfaidh tú isteach annsin. Tá mo dhóthain deanta agat anois."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe