Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níor fhág sé long aca gan bathadh le gach uile iarraidh. "Anois" ars an caiptín leis nuair a bhí an méid sin deanta aige siubhail leat liom go dtí mo theach. Chaith mac Rí Éireann an oidhche sin leis. "Caithfe mé imtheacht anois" ar seisean maidin lár na bháireach. Síos leis ag an bhfairrge. Tharraing sé amach a sgian a's a phíosa mhaide a's rinne sé long mhór luachmhar láidir gan bun cleite isteach ná barr cleite amach a's chaon chleite ag deanamh ceól sidhe is fasgaidh dhá chéile. Isteach leis go léim innte. Thug sé a tosach go mhuir a's a deire go thír a's níor stop sé ariamh gur bhuail sé tír a's talamh istigh ag mac Rí na dturcach arís. Bhí goirm sgoil amuigh ag mac Rí na dturcach go raibh sé le pósadh lár na bháireach. Tháinig sé go dtí teach na caillighe seo a's diarr loistín na hoidhche go maidin. "Nach mór an t-iongnadh" ar sise "nach ar an mbainis atá tú" "Cá'il an bhainis" ar seisean. "Tá" ar sise "mac Rí na dturcach a's ingin an Rí dá bpósadh amáireach". "M anam" ar seisean "nar chuala mé blas ar bith faoi go dtí anois acht béidir go mbéinn sáthach luath fós." "O" ar sise ní leigfear isteach anois acht fear cheóil a's amadán. "Muise" ar seisean "níl aon rath(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe