Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)

Suíomh:
Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Ó Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmucadha
  2. XML Leathanach 022
  3. XML “Scéal Alasdrum agus Drúchí Uaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Alasdrum mac an Impire, agus Druchí Uaine mac an Rí. Bhíodar i bhfad pósta sul má bhí aon clann aca, ar aon chlog agus ar aon am amháin de’n lá, agus inghean do Rí Lochlainn ar ar tugadh Gil Gréine an t-am céadhna. Chaith an Rí agus an t-impire ar chrainnte cé aca do’n bheirt mhac a mbeadh air í thógáil agus thuit sé ar crann an Rígh. Tugadh smior mart, fheóil chearc, agus bainne bó gamhnaighe mar deoch ‘s mar bheatha dhóibh. Cuireadh triúr banáltraí i na gcionn agus cailleach chearc le bheith ag múnadh asarlaidheacht dhóibh. Cuireadh péire claidmhthe i na gcliabhán le bheith ag fóghluim troda. Nuair a bhíodar lá is 7 mbliadhna deirigheadar amach agus tugadar aghaidh ar an tráigh. Connacadar currach ag teacht chuca, iomradh na gcéadtha uirthe agus gan innte acht aon bhean amháin. Thriomuigh sí suas ar an tráigh í, acht níor labhair sí smid ná smaid leis na gaisgidhig acht amach léi ar snámh arís.
    “Is baramhail an bheirt fhear muid nar chuir caidéis uirthe” arsa Alasdruim. “Glaoidhimíd uirthe” arsa Drúchí Uaine. Rinneadar amhlaidh agus tháinig sí isteach ar ais arís. “Céard atá uait” ar siad-san. “Cuirim-se faoí mhór gheasaí agus faoí dhiombuidh na bliadhna sibh” ar sise, “gan an dara oidhche chodhladh ar aon leaba, gan an dara blogam ól as aon t-soitheach, gan an dara greim d’ithe daon mhéis go siublaidh sibh an oiread do mo thóruigheacht-sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Cartuir
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seóirse Cartuir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe