Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)

Suíomh:
Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Ó Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmucadha
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “An Mharthain”
  4. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gan aithne gan easba a coise ná láimhe.
    Marthainn Phádhraic is rádh i nGaedilge se gurbé mo lean gan í ag fearaibh Éireann. Mar a mbeadh aige acht na trí pearsannaí deireannaí déidheannacha go dtógfadh sé ó chathúghadh an diabhail go Flaithis Dé thú. (a chríoch)
    Tá seacht bpaidreacha le rádh leis an mharthainn a chur do dhuine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Paidir.
    A Mhuire Mháthair a mháthair Rí na n-uball nach agat atá na grástaí go bráthach nach rachaidh ar gcúl.
    Ó thárla mise ar lár is gur chaill mé mo lúd go dtugaidh tú go Parrthas mé san áit a bhfeicfe mé tú.
    A mhic an gcloiseann tú an gleó atá i na ndiaidh go mór sa ngleann
    Ná bíodh faitchíos ort a mháthair sábhála ár n-athair sinn. Go mba dún daingin an dún a bhfuil muid ann. Go mba sluagh dall an sluagh atá i na ndiaidh sa ngleann agus go mba sluagh sídhe an sluagh atá romhainn. A Árd-Rí an domhain ós tú a fuair an eochair go sgara tú do chochall tarainn. Ámhén.
    Nuair a thiocfas tú chuig Crois an Mhisinéir abair:- Umhluigim dhuit a Chrois, beannuigim dhuit a Chríost go gcuiridh tú ar mo leas mé go dtaga mé annseo arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Cartuir
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seóirse Cartuir
    Inscne
    Fireann