Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 050
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An GortaAg mo athair a chuala mé an seanchus seo, agus chuala seisean ag a shean-athair é mar bhí sé beó le linn an ghorta.
Tháinig oidhche mhór sneachtadh faoí Fhéile San Seáin, agus nuair a deirigh na daoine ar maidin bhí dath dubh ar na barrannaí.
D'fág na daoine na fataí amhlaidh go dtí an fóghmhar a bhí chugat agus ní raibh fata beó ins an talamh mar a raibh corr áit annseo agus annsiúd.
Tháinig an dubhachan ar na fataí an dara bliain freisin acht an té a chuir fataí an tríomhadh bliain bhí toradh faoí céad orta. Fataí a bhíodh ag na daoine ar gach béilidhe a chaithidís an uair sin.
Nuair a lobh na fataí agus nuair nach raibh aon fata ag na daoine béigin do na daoine a gabhail ag iththe brochán min bhuidhe.
Bhí Sasanach i na chomhnuidhe thíos i n-Doire an Fiaidh agus bhí siopa beag aige.
Na daoine a bhíodh ag teacht isteach agus amach sa siopa ag ceannacht cuid do na rudaí a bhíodh dhá ndíol ann thug sé cupla chloch min bhuidhe dóib le cabhrúghadh leó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní hOibicín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe